Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Kingsley Porter agus mar a d’imigh sé faoi dhálaí amhrasacha. | 00:01:57 | |
Bhí Kingsley Porter agus a bhean ina gcónaí ar an áit is scaite ar an oileán i mbothóg cinn tuí déanta as cloch eibhir (granite). Thug sé £2 do gach duine ar an oileán sa dóigh ’s go mbeadh cead aige siúl áit ar bith ar an oileán a ba mhaith leis. Bhí deartháir leis ina ealaíontóir agus bhíodh sé istigh ar an oileán ag tarraingt pictiúir. Oíche amháin bhi fir amuigh ag iascaireacht agus deirtear go raibh an solas ag gabháil sa teach i rith na hoíche. Ar maidin chuaigh a bhean chuig a comharsa ag rá nach raibh a fear le fáil, nuair a dúirt siad go rachadh siad a chuartú ní raibh sí ag iarraidh sin. Chuaigh siad ar scor ar bith ach ní raibh se le fáil. Tamall ina dhiaidh sin, d’fhág sí an oileán le trunca mór a ghlac sé fhear lena thógáil. Bhí cuid acu ag meas gur sa trunca a bhí sé.
Milliúnaí a deireadh muintir an oileáin a bhí ann. Ollamh a bhí ann in Ollscoil Harvard agus tháinig sé na hEorpa.
Tá a theoiricí fein ag Dinny faoi seo uilig. Scéalta eile a chuala sé faoi Kingsley Porter a thaispeán nach raibh sé marbh ar chorr ar bith. | 00:06:02 | |
Scéal faoi Ruairí Mór, deirtear go bhfuair sé bás ar Inis Bó Finne le hocras i rith am an ghorta ach deir Dinny nach bhfuair. Bhí cónaí air in Inis Dúiche agus bhíodh sé ag taisteal go dtí An Fál Carrach. Scaoil na Sasanaigh lá amháin é ach d’éalaigh sé orthu. | 00:01:25 | |
Scéal ó sheanbhean ar an oileán faoi Maolmhuire an Bhata Bhuí, fear a bhí luaite in leabharthaí staire, bata mar bhronntanas ó rialtas na Sasana, curtha ar oileán Uí Bhaoill.
Scéal eile uaithe faoi bhád a tháinig isteach ar an trá agus gan a dhath uirthi ach pónaithe. Scéal eile faoi bhád a chuaigh síos agus bhí lucht ór uirthi. Bhféidir gur bád de chuid an Armada a bhí ann. Níor fuarthas ór ariamh uaithi ach tá cloch ann a dtugann muintir an oileáin Cloch an Óir air. | 00:02:42 | |